FAQ Go to main content An suomh teanga: Gaeilge English Gaeilge(bail) Dan Teagmhil Linn Cuardaigh menu Nascleanint lithrein Iasachtaithe Fo-roghchlr de Iasachtaithe Iarratas a Chur Isteach Diarratas a bhainisti Ceisteanna Coitianta Dan Teagmhil Linn Foilseachin Cosaint Sonra Fais…
FAQ Go to main content An suomh teanga: Gaeilge English Gaeilge(bail) Dan Teagmhil Linn Cuardaigh menu Nascleanint lithrein Iasachtaithe Fo-roghchlr de Iasachtaithe Iarratas a Chur Isteach Diarratas a bhainisti Ceisteanna Coitianta Dan Teagmhil Linn Foilseachin Cosaint Sonra Faisnis a Choinneil Eolas Finne Fo-roghchlr de Eolas Finne Eolas Finne Clra Liosta De Sholthraithe Faisise Creidmheasa Cad at ar ireamh Eolas do Rthir An chaoi ina n-oibronn s An Creat Dlthiil Till agus Tobhaigh Iasachtir Fo-roghchlr de Iasachtir Eolas Ginearlta Clrchn Nua Ceisteanna Coitianta Treoir logil Isteach Iasachtir Search Cuardaigh Cuardaigh Dhnadh Baile Iasachtaithe T t anseo: Ceisteanna Coitianta Ceisteanna Coitianta Anseo, tá freagraí ar cheisteanna coitianta agus acmhainní úsáideacha chun treoir a chur ort maidir lenár gcuid seirbhísí. Má tá níos mó cabhrach de dhíth ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Faq list Uile Cosaint Sonra Tuarascil Chreidmheasa Faisnis A Leas Níl aon cheisteanna coitianta leis an scagaire roghnaithe An aistríonn an Banc Ceannais sonraí go tráthrialta ón bPríomh-Chlár Creidmheasa chuig aon chomhlacht poiblí eile? Taispein freagra Folaigh freagra Aistríonn, chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Faoin Acht Staidrimh 1993, foráiltear go bhféadfaidh CSO faisnéis a fháil ó chomhlachtaí poiblí, an Banc Ceannais san áireamh. Ceadaítear aistrithe faisnéise den sórt sin faoin dlí um chosaint sonraí freisin. Déantar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí sula ndéantar aistriú den sórt sin. CSO is ea oifig staidrimh náisiúnta na hÉireann a bhfuil de chuspóir aici staidreamh maidir le muintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.cso.ie. Áirítear sna sonraí pearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, ainm, dáta breithe, seoladh, inscne, uimhir ghutháin agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP). Ní chuirtear d’uimhir PSP, d’Eirchód nó d’uimhir ghutháin chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh. Ar na sonraí creidmheasa a shealbhaítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, áirítear an cineál iasachta, amhail morgáiste, cárta creidmheasa, rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht ghnó, fruilcheannach, PCP etc; an méid atá faighte ar iasacht agus an méid atá gan íoc. Is é an Banc Ceannais an rialaitheoir sonraí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus tá feidhm ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis nuair a aistrítear í agus beidh feidhm ansin ag oibleagáidí na Treorach Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ag an Dlí maidir le Cosaint Sonraí i ndáil leis an bPríomh-Oifig Staidrimh. Bainfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as an bhfaisnéis chun críocha staidrimh agus tuairiscithe, agus chuige sin amháin. Ní fhéadfar aon sonraí a bhaineann le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó d’aon chomhlacht rialtais. Tá Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Banc Ceannais agus CSO maidir le rialachas agus úsáid na sonraí agus tá an Meabhrán Tuisceana sin ar fáil ar an leathanach gréasáin ‘Úsáidí Shonraí an Phríomh-Chláir Creidmheasa’ atá le fáil faoi ‘Foilseacháin’. Cé atá freagrach as cruinneas na sonraí? Taispein freagra Folaigh freagra Tá d’iasachtóir freagrach as cruinneas na sonraí a chuireann sé ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Fad a bheidh na sonraí sin i seilbh d’iasachtóra, beidh d’iasachtóir ina rialaitheoir sonraí faoin dlí maidir le Cosaint Sonraí. Bíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa ag brath ar iasachtóirí chun sonraí beachta, iomlána, cothrom le dáta a chur chuige. A luaithe a gheobhaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa na sonraí, tiocfaidh Banc Ceannais na hÉireann chun bheith ina rialaitheoir sonraí." Cé chomh fada a thógfaidh sé mo thuarascáil chreidmheasa a leasú? Taispein freagra Folaigh freagra Tabharfaimid freagra ort laistigh de 20 lá agus féadfar an tréimhse a fhadú go 40 lá chun cinneadh a chur in iúl duit más gá dúinn teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir nó tuilleadh faisnéise a lorg uait. Lean na treoracha inár mbileog eolais ‘Leasú ar mo chuid sonraí a iarraidh’ atá le fáil ar an leathanach Foilseacháin. An gceadaítear don Phríomh-Chlár Creidmheasa sonraí pearsanta, UPSP san áireamh, a bhailiú agus a phróiseáil? Taispein freagra Folaigh freagra Ceadaítear. Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 agus na Rialacháin, soláthraítear an bunús dlí le sonraí pearsanta, UPSP san áireamh, a bhailiú agus a phróiseáil. Ina theannta sin, chuaigh Banc Ceannais na hÉireann i gcomhairle le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí sular foilsíodh na Rialacháin. Tá Banc Ceannais na hÉireann liostaithe freisin mar chomhlacht sonraithe i Sceideal 5 den Acht Leasa Shóisialaigh 2005 nuair a bhíonn a chuid feidhmeanna maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa á gcomhlíonadh aige. Conas is eol dom cé a bhí ag breathnú ar mo thuarascáil chreidmheasa? Taispein freagra Folaigh freagra Gach uair a gheobhaidh tu féin nó iasachtóir rochtain ar do thuarascáil chreidmheasa, cruthófar lorg. Is ionann lorg agus taifead ar an dáta, ar ainm an iasachtóra (nó fiosrú CIS más tú féin atá i gceist), agus ar an gcúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa. Taispeánfar an lorg ag deireadh na tuarascála go ceann tréimhse cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a iarraidh. Féach sampla de thuarascáil chreidmheasa ar leathanach na bhfoilseachán chun lorg a fheiceáil. Cén úsáid a bhainfear as mo chuid sonraí? Taispein freagra Folaigh freagra Úsáidfear sonraí arna gcur isteach ag d’iasachtóir(í) gach mí chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú agus stórálfar an tuarascáil sin ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Ní dhéanfar an fhaisnéis seo a eisiúint ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh iasachtóir nó an t-iasachtaí lena mbaineann rochtain uirthi; nó i gcás ina dtoileoidh an t-iasachtaí lena mbaineann go n-eiseofar an fhaisnéis seo le duine eile; mar a fhoráiltear faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 nó mar a cheanglaítear nó mar a cheadaítear de réir dlí nó de réir aon reachtaíochta eile lena mbaineann. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Banc Ceannais sonraí a aistriú chuig gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí um fhorfheidhmiú dlí nuair is gá agus nuair a mheastar gur iomchuí agus comhréireach déanamh amhlaidh. Tacaíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, an earnáil airgeadais a mhaoirsiú agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú. Féadfaidh an Banc Ceannais úsáid a bhaint as aon fhaisnéis faoi ainm bréige ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár ráiteas príobháideachais. Cén fáth a bhfuil m’iasacht(aí) fós á dtuairisciú don Phríomh-Creidmheasa tar éis dom a bheith urscaoilte ó fhéimheacht? Taispein freagra Folaigh freagra Ní choinnítear aon fhaisnéis faoi fhéimheacht nó faoi aon socruithe dócmhainneachta pearsanta eile ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Más rud é go ndearnadh iasacht a dhíscríobh mar thoradh ar an bpróiseas féimheachta nó dócmhainneachta, is dócha go dtuairisceoidh an t-iasachtóir go bhfuil an iasacht sin “díscríofa”. Coinneofar an fhaisnéis sin ar do thuarascáil chreidmheasa i gcomhréir lenár dtréimhsí coinneála. Mura ndearnadh iasacht a dhíscríobh mar thoradh ar an bpróiseas, féadfaidh an t-iasachtóir leanúint den iasacht a thuairisciú mar iasacht ghníomhach don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Cé nach féidir leis an iasachtóir dul sa tóir ort maidir le haisíoc iasachta tar éis duit a bheith urscaoilte ó fhéimheacht nó ó aon socrú dócmhainneachta eile, féadfaidh go mbeidh oibleagáid ar iasachtóirí go fóill faisnéis a chur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i ndáil leis an iasacht sin. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi thréimhsí coinneála. Féadfaidh gur mian leat comhairle dhlíthiúil a fháil ar an ábhar seo nó dul i gcomhairle le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ar www.isi.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháíl. Cad é Reacht na dTréimhsí? Taispein freagra Folaigh freagra Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, tá oibleagáid ar iasachtóirí faisnéis chreidmheasa agus phearsanta i leith iasachtaí €500 nó níos mó a thuairisciú i gcás ina bhfuil an iasacht fós gníomhach. Is é sin le rá, i gcás ina bhfuil íocaíochtaí á ndéanamh nó i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh íocaíochtaí á ndéanamh. Áirítear i bhfaisnéis chreidmheasa, faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh; agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh. Cuireann d’iasachtóir an fhaisnéis seo ar fáil chun cur le do stair chreidmheasa agus chun go bhféadfar tuarascáil chreidmheasa a chruthú duit. Chomh maith leis sin, tá oibleagáid ar iasachtóirí stádas creidmheasa gach iasachta a thuairisciú. Cuirfidh an stádas creidmheas in iúl, mar shampla, má tá aon chaingean dlí glactha, má tá rótharraingt curtha ar ceal, nó má tá cárta creidmheasa tarraingthe siar. Má rinneadh socraíocht nó má díscríobhadh fiachas, sonrófar é sin anseo freisin. Ar deireadh thiar, déanfar aon athshealbhú sócmhainne nó géilleadh saorálach sócmhainne a thaifeadadh anseo freisin. Mura mbeidh aon cheann de na nithe sin thuas i gceist, beidh ‘N/B’ marcáilte anseo. Cé go bhféadfaidh go mbeidh iasachtóir faoi urchosc reachta ó dhul sa tóir ar iasachtaí i leith aisíoc iasachta, ní dhéanfar an fiachas iarbhír a ghlanadh le himeacht aimsire agus féadfar an iasacht a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa go fóill. Ní aithním ainm an tSolathraí Faisnéise Creidmheasa atá luaite le ceann de na hiasachtaí ar mo thuarascáil chreidmheasa. Taispein freagra Folaigh freagra Ó am go ham, is féidir le Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa (iasachtóirí) iasachtaí a dhíol le hiasachtóirí eile. Ciallaíonn sé sin go dtuairisceoidh Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua iasacht don Phríomh-Chlár Creidmheasa. Dá bharr sin, athrófar ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa chuig ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa nua ar do thuarascáil chreidmheasa. Ina theannta sin, d’fhéadfadh institiúidí teacht le chéile nó d’fhéadfadh institúid amháin seilbh a fháil ar institiúid eile. D’fhéadfadh athrú ainm tarlú dá bharr sin freisin. I gcás an dá shampla sin, ní mór don Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua faisnéis a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa, a n-ainmneacha san áireamh. Leagtar amach i gCód um Chosaint Tomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais na coinníollacha faoinar gá fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir le haistrithe den sórt sin. Féach liosta iomlán na Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa a chuireann faisnéis chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Cruthaítear tuarascáil chreidmheasa ón bhfaisnéis a chuireann gach Soláthraí Faisnéise Creidmheasa isteach, agus ón bhfaisnéis sin amháin. Níl teacht ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar aon doiciméid tacaíochta a bhaineann le haon iasacht, amhail foirmeacha iarratais nó téarmaí agus coinníolacha. Má tá tuilleadh eolais uait maidir le haistriú d’iasachta, ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar do thuarascáil chreidmheasa. An mbeidh scór, grád nó rátáil ar mo thuarascáil chreidmheasa? Taispein freagra Folaigh freagra Ní bheidh. Ní d…