Accessibility statement Go to main content An suomh teanga: Gaeilge English Gaeilge(bail) Dan Teagmhil Linn Cuardaigh menu Nascleanint lithrein Iasachtaithe Fo-roghchlr de Iasachtaithe Iarratas a Chur Isteach Diarratas a bhainisti Ceisteanna Coitianta Dan Teagmhil Linn Foilseachi…
Accessibility statement Go to main content An suomh teanga: Gaeilge English Gaeilge(bail) Dan Teagmhil Linn Cuardaigh menu Nascleanint lithrein Iasachtaithe Fo-roghchlr de Iasachtaithe Iarratas a Chur Isteach Diarratas a bhainisti Ceisteanna Coitianta Dan Teagmhil Linn Foilseachin Cosaint Sonra Faisnis a Choinneil Eolas Finne Fo-roghchlr de Eolas Finne Eolas Finne Clra Liosta De Sholthraithe Faisise Creidmheasa Cad at ar ireamh Eolas do Rthir An chaoi ina n-oibronn s An Creat Dlthiil Till agus Tobhaigh Iasachtir Fo-roghchlr de Iasachtir Eolas Ginearlta Clrchn Nua Ceisteanna Coitianta Treoir logil Isteach Iasachtir Search Cuardaigh Cuardaigh Dhnadh Baile T t anseo: Ráiteas Inrochtaineachta Ráiteas Inrochtaineachta Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar a chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana i gcomhréir le Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Ghutháin Chomhlachtaí na hEarnál Poiblí) an Aontais Eorpaigh 2020 - I.R. Uimh. 358/2020 agus go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana don dream daoine is leithne agus is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas. Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.centralcreditregister.ie. Stádas Comhlíontachta Tá an caighdeán comhchuibhithe Eorpach, Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí TFC (bunaithe ar Threoirlínte 2.1 maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin), á pháirtchomhlíonadh ag an suíomh gréasáin seo de bharr na neamhchomhlíontachtaí atá liostaithe thíos. Baineann roinnt de na gnéithe idirghníomhacha úsáid as tréithe ARIA a dhéanann tagairt do CAanna nach bhfuil ar an leathanach, rud a fhágann gur doiligh iad a léirmhíniú d’uireasa teicneolaíochtaí cúnta. Féadfaidh go mbeidh sé deacair roinnt rialuithe foirme a thuiscint nuair a bheidh léitheoir scáileáin á úsáid. Níl rochtain iomlán ar roinnt PDFanna in-íoslódáilte. Tá obair forbartha ar siúl chun comhlíontacht sna réimsí sin a fheabhsú agus déanfar an ráiteas seo a nuashonrú de réir mar a dhéanfar forbairtí. Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú ar an 18 Nollaig 2025. Rinneadh tástáil ar an suíomh gréasáin seo i mí na Nollag 2025 ó thaobh chomhlíonadh na dTreoirlínte (WCAG 2.1) Leibhéal-AA maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin . Ba é Alecsandria Digital consultancy a rinne an tástáil seo. Bhain Alecsandria Digital úsáid as cur chuige na Modheolaíochta um Measúnú ar Chomhréireacht Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG-EM) chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an sampla de leathanaigh a ndéanfaí tástáil air. Aiseolas agus Eolas Teagmhála Déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana má tá aon cheisteanna agat faoi chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le hinrochtaineacht: Ríomhphost: [email protected] Uimhir Ghutháin: +353 (0)1 224 6402 Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas, is féidir leat gearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta Láimhseála Gearán um Míchumas a leanúint. Nós Imeachta Forfheidhmiúcháin Má tá tú míshásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas nó do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005. Oifig an Ombudsman 6 Ardán Phort an Iarla Baile Átha Cliath 2 D02 W773 Teil: +353 (0)1 639 5600 Ríomhphost: [email protected]. Gréasán: https://ombudsman.ie/ga/foilsiuchan/dean-gearan-faoin-acht-um-michumas/?referrer=https%3A%2F%2Fwww.ombudsman.ie%2Fdisability-act%2Fmake-a-complaint Coinnollacha side Larscil Probhideachas & Fianin Riteas Inrochtaineachta back to top